Down Gaa The Official Site of
DownGAA
Back

Down GAA News

Cúrsa Traenála

Tuesday 5th January 2021

Bliain úr faoi shéan agus faoi mhaise duit, tá súil agam go raibh Nollaig faoi shó agus faoi shuaimhneas agaibh. Beidh bliain níos fearr againn ar fad in 2021, le cuidiú Dé.  

 

Tá nasc anseo thíos do chúrsa traenála na n-oifigeach an Déardaoin beag seo. Ba chóir go mbeadh an scéal seo amuigh ansin, ach ní dhéanfadh sé dochar é a chur ar aghaidh chuig bhur dteagmhálaithe féin sna clubanna.  

 

Beidh muid i dteagmháil libh maidir le haidhm an choiste don bhliain go luath, agus, más rud é go bhfuil tú istigh ar an ríomhphost seo agus tú éirithe as an ról, ná bíodh moill ort é sin a chur ar mo shúile dom.  

 

Please forward the below link to your clubs as a reminder that the Oifigeach Gaeilge role-specific training will take place this Thursday evening virtually.

https://forms.office.com/Pages/ResponsePage.aspx?id=hrxFrNSvpUKfwz6H4bd_zoBd5pw8X8NNlOyiRpzM20RUQkI2VUNQQkVCWklTSDhPR0JJQjY2Vjg3WS4u